Una Europa for UCD students

Una Europa for UCD students

Scroll down

Cláraigh mar Threoraí Teanga le Una Europa!

A group of students learning Italian.

An bhfuil Gearmáinis, Iodáilis, Fionlainnis, Polainnis, Ollainnis, Spáinnis, Fraincis, Béarla, nó Gaeilge agat? An bhfuil suim agat bualadh le daoine nua agus do chuid scileanna cumarsáide agus idirchultúrtha a fhorbairt, agus tú ag cuidiú le mic léinn eile teanga iasachta a chleachtadh?

Cláraigh mar Threoraí Teanga  agus cuir leis an Una Europa Language Café an seimeastar seo!

----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Cad is Una Europa Language Café ann?

Is éard atá i gceist leis an Una Europa Language Café ná clár idirchultúrtha agus ilteangach a thugann deis do mhic léinn UCD Gearmáinis, Iodáilis, Fionlainnis, Polainnis, Ollainnis, Spáinnis, Fraincis, Béarla, nó Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht neamhfhoirmeálta.  Labhraítear na teangacha seo in ollscoileanna comhpháirtíochta ar fud na hEorpa. Tá sé mar aidhm ag an gclár spás suaimhneach agus cuimsitheach a chothú ar mhaithe le malartú teanga agus cultúrtha, rud a ligeann dóibh siúd atá páirteach ann a gcuid scileanna teanga a fheabhsú, bualadh le cairde nua, agus foghlaim faoi chultúir éagsúla.

Is iad na Treoraithe Teanga a bheidh ag stiúradh na seisiún ag an Language Café. Mic léinn gur cainteoirí dúchais iad nó a bhfuil líofacht (C1) acu i gceann de na teangacha thuasluaite is ea iad na treoraithe, a éascaíonn an comhrá ag baint leas as modhanna oideachais neamhfhoirmiúla. Ní gá do na Treoraithe Teanga ábhair theagaisc fhoirméalta a ullmhú ach táthar ag súil leo an seisiún a eagrú sa chaoi is go mbeadh sé chomh réidh agus is féidir, ag comhtháthú gníomhaíochtaí a mheallann foghlaimeoirí. Gheobhaidh gach Treoraí Teanga dearbhú ar a ngníomhaíocht dheonach i bhfoirm teastais nó athbhreithnithe LinkedIn.  Tá an ghníomhaíocht dheonach seo incháilithe freisin do Ghradam Advantage UCD.

Cén ról atá ag na Treoraithe Teanga?

Tá na nithe seo a leanas i gceist leis an ról

  • Idirghníomhaíochtaí nádúrtha, spleodracha agus substaintiúla a spreagadh i measc na bhfoghlaimeoirí uilig.
  • Tacú le comhráite agus iad a oiriúnú do leibhéil teanga éagsúla chun freastal ar na foghlaimeoirí uile.
  • Cabhrú le foghlaimeoirí muinín a chothú chun labhairt i dteanga iasachta trí ghníomhaíochtaí teanga éagsúla a éascú.
  • Timpeallacht chairdiúil, fháiltiúil agus shuaimhneach a chruthú inar féidir le foghlaimeoirí teanga iasachta a chleachtadh agus bualadh le daoine nua.
  • Cabhrú le foghlaimeoirí foghlaim faoi chultúir nua agus timpeallacht a chothú ina mbíonn feasacht agus tuiscint thraschultúrtha ann.

Cathain & Cá háit a bheidh an Una Europa Language Café ar siúl?

Beidh an clár ar siúl ón 3ú Samhain go dtí an 27ú Samhain 2025, Luan - Déardaoin ag 17:30 sa Tolglann Domhanda UCD. Ní bheidh na seisiúin á reáchtáil ag an deireadh seachtaine, ar lá saoire bainc, ná idir léachtaí Ollscoile.

Cé mhéid ama a chaitheann Treorí Teanga ar an togra?

Thart ar 1.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine nuair atá an clár ar siúl. Táthar ag súil go n-éascódh na Treoraithe Teanga seisiún amháin gach seachtain a mhaireann 60 nóiméad, agus ba chóir dóibh thart ar 30 nóiméad a chaitheamh ar ullmhúchán don seisiún. 

Déanfar an dáta a chomhaontú leis an Treoraí Teanga, ag braith ar na daoine atá ar fáil.

Cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil do Threoraithe Teanga?

Beidh deis ag na Treoraithe Teanga freastal ar sheisiún oiliúna mar ullmhúchán don ról. Beidh rochtain acu freisin ar Phobal na dTreoraithe Teanga ar WhatsApp; áit a mbeidh tacaíocht ar fáil dóibh ó na comhordaitheoirí i rith an chláir agus áit a mbeidh siad in ann ceisteanna a chur, labhairt faoi na dúshláin a bhíonn rompu agus dea-chleachtais a roinnt leis na Treoraithe Teanga eile.

Cén fáth ar fiú cur isteach air?

Is deis iontach é seo do Mhic Léinn ar spéis leo:

  • A theanga & a chultúr a roinnt le Mic Léinn eile;
  • An nasc atá ag Mic Léinn lena dteanga dúchais nó a dhara teanga a fhorbairt;
  • Taithí idirnáisiúnta a bheith agat sa bhaile nó obair dheonach ar mhalartú;
  • Aithne a chur ar dhaoine nua agus caidrimh nua a chothú;
  • Scileanna Cumarsáide agus Idirchultúrtha a fhorbairt;
  • Taithí sa Cheannaireacht Fhoirne a fháil.

-------------------------------------------------------------------------------

Conas gur féidir cur isteach air?

Má tá fonn ort a bheith i do Threoraí Teanga, is féidir freastal ar sheisiún eolais ar líne Déardaoin, 18 Meán Fómhair 2025 ar 13:00.  Cláraigh anseo dó

Más spéis leat iarratas a chur isteach, is féidir leat an fhoirm iarratais a chomhlánú roimh dheireadh an lae Dé Domhnaigh, an 28 Meán Fómhair 2025.

Do bhreis eolais, déan teagmháil le Tajana Mohnacki ar tajana.mohnacki@ucd.ie.

 

Visit Una-Europa.eu

Visit Una-Europa.eu

Read More

Top